Luke 13

Sompla ag brosdughadh go aithreachus: 24 agus gur deacrach sáoradh an anum re fhaghail.

1 Agus fá namsin féin tangadar dáoine áirighe chuige ag innisin sgéal do tháobh mhuinntir na Galilé, ag ar mheasg Pioláit a bhfuil thríd a niodhbarthuibh. 2Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé riu, An soiltisí gur ab mó na peacthaigh na Galiléeanuighsi ná an chuid eile do na Galiléeanachuibh, ar son gur fhuilngeadar a leithéide só? 3A deirimsi ribh, Nach mó: achd, muna ndéantáoisi aithrighe, go sgríosfuidhthear sibh euile mar an gcéadna. 4Nó an sáoiltí na hochd bhfir deag úd, air ar thúit an tor a Síloam, agus do mharbh iád, gur mhó na peacthaigh iád ná gach áoin nduine eile dá raibh na gcomhnuidhe a Niárúsalém? 5A deirim ribh, Nach ar mhó; achd mona ndéarntáoisi aithrighe, go sgriosfuidhthear sibh uile mar an gcéadna.

6¶ Agus mar an gcendna a dubhairt sé an chosamhlachdsa; Do bhí crann fige ag duine áirige curtha ann a fhíneamhain; agus táinic sé diárruidh toraidh air, agus ní fhuáir. 7Agus a dubhairt sé ris an ngárradóir, Féuch, atáim ré trí bliádhuibh ag teachd diárruidh toruidh ar an gcrann fígsi, agus ní faghaim: gear é; cred fá gcungmhann sé an fearann go neamhtharbhach? 8Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris, A thighearna, leíg dhó ar an mbliadhainsi mar an gcéadna, nó go romhradh mé na thimcheall, agus go gcnire mé áoileach fáoi: 9Agus má bheir sé toradh, léigfidh tú dhó: achd muna dtuga, géarrfuidh tú tar éisi sin é.

10¶ Agus do bhí sé ag teagasg a sínagóig áirighe lá na sábbóide. 11Agus, féuch, do bhí bean a lathair agá raibh spioraid éagcrúais lé hocd mblíadhna déig: agus do bhí sí crotach, agus niór bhéidir lé í féin do dhíoriughadh air éanchor. 12Agus an tráth do chunnair Iósa í, do goir sé chuige í, agus a dúbhairt sé ría, A bhean, atá tú sgáoilti ód éagcrúas. 13Agus do chuir se a lámha uirre: agus do rinneadh díreach ar ball í, agus tug sí glóir do Dhía. 14Agus ar bhfreagra dúachdarán na sinagóge ar mbeith diomghach dhó, fá Iósa do dhéanamh leighis ann sa tsabboid, a dubhairt sé ris on bpubal, Atáid sé laéthe ann ar coir obair do dhéanamh; ar a nadhbharsin gur ab ionnta sin thiocfas sibh dá bhur leigheas, agus nar ab a lá na sabboide. 15Uime sin do fhreagair an Tighearna dhó, agus a dubhairt sé, A fhir an fhúarchrábhuidh, a né nach sgáoileann gach áon nduine agaibh féin a dhamh nó a asal ón mhainnsér lá na sabhóide, agus nach beireann sé chum uisge é? 16Agus an bheansa, atá na hinghin ag Abraham, noch do chuibhrigh Sátan, a nois le hóchd mbliadhna dég, a né nar choír a sgáoileadh ón chuibhreachsa a lá na sábbóide? 17Agus an tan a dubhairt sé na neithesi, do ghabh náire gach áon nduine dá raibh a cur na aghaidh: achd do bhígáirdeachas ar a tslúagh uile tré gach uile ní glórmhar dá ndéarmidh seision.

18¶ Agus a dubhairt sé, Cía lér cosmhuil rioghachd Dé? agus cia ré samhleóchaidh mé í? 19Is cosmhuil ré gráinne musdaird í, do ghabh duine chuige, agus do chuir sé ann a ghárrdha; agus dfás sé, agus dó rinneadh crann mór dhe, agus do rinneadar éanlaith a naiéir néid ann a ghéaguibh.

Copyright information for IriODomhnuill